 |
 |

RAIXE VENETE - nuachtán Veinéiteach
ar son theanga, stair, agus chultúr Veinéiteo
|
LEAGAN GAEILGE
Céad míle fáilte go Veinéiteo!
Is réigiún é Veinéiteo atá suite idir an Ostair agus an Mhuir Aidriad. Tá daonra de 4,500,000 duine ann. Is iad príomhchathaireacha Veinéiteo an Veinéis, Treviso, Verona, Padova, Vicenza, Rovigo, agus Belluno. Tugtar 'Veinéitigh' ar mhuintir Veinéiteo.
» tá tuilleamh eolais ar Veinéiteo le fáil ar: www.veneto.org .
Nuachtán Veinéiteach é Raixe Venete ('fréamhacha Veinéiteacha') a phléann cultúr, teanga, stair, agus cúrsaí polaitíochta Veinéiteo. Foilsíonn an Cumann Cultúrtha "Veneto Nostro" ('ár Veinéiteo') é.
Is é RaixeVenete.net ár láithreán nua; tá an láithreán go huile is go hiomlán sa Veinéitis agus pléann sé stair, cultúr, teanga, agus saoirse ár Veinéiteo.
Tá moll mór nascanna ar an láithreán a bhaineann le cultúr, stair, teanga, agus féinrialú Veinéiteo agus pobal eile san Eoraip.
Tá cáipéisí, anailís, filíocht sa Veinéitis agus saorearraí sa Veinéitis le fáil ar an láithreán freisin.
Tá an chuid den láithreán le haghaidh Fóram an-tábhachtach: is anseo a léitear agus a scríobhtar (sa Veinéitis, i mBéarla, srl.) tuairimí ar Veinéiteo, ar an saoirse, ar an gcultúr, agus ar phobail na hEorpa.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil le: info@raixevenete.net
Saoirse do gach pobal
Veinéiteo abú!
Bratach Veinéiteo - bratach Phoblacht Róshámh na Veinéise
La bandiera del Veneto - la bandiera dela Serenisima
|
|
 |
 |